Clár Ábhair
Tá cúig chuid sa suirbhé. Cuireann an chéad cheithre chuid ceist bheag fút, cé a cheapann tú atá freagrach as gníomhú ar son na haeráide, an méid a thuigeann tú faoin athrú aeráide agus an méid daoine agus pobal is féidir a bheith páirteach ann. Táimid ag iarraidh ort na chéad cheithre chuid ghearra seo a chomhlánú.
Sa chúigiú cuid, breathnaíonn sé ar ghníomhú ar son na haeráide thar roinnt réimsí nó earnálacha éagsúla. B'fhéidir go bhfuil eolas agat faoi réimsí áirithe níos mó ná a chéile. Ní gá duit gach rud sa chuid seo a fhreagairt - ach na réimsí is mó a bhfuil aithne agat orthu.
Cosaint Sonraí
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil freagraí ar an gcomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 (ASF), Rialacháin faoi Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007-2014 (RFC) agus an tAcht um Chosaint Sonraí 2018.
Féadfaidh an Roinn ábhar gach aighneacht a gheofar ar a suíomh gréasáin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin, déanfaidh an Roinn sonraí pearsanta a fholú sula bhfoilseofar iad. Ba cheart do pháirtithe a chur in iúl go soiléir agus iad ag freagairt an chomhairliúcháin seo, cad iad na háiteanna ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála nó faisnéis rúnda nár mhaith leo go scaoilfí amach iad faoi ASF, RFC nó a fhoilsiú ar bhealach eile.
Ba mhaith linn d'aird a tharraingt ar Fhóra Príobháideachais Sonraí na Roinne a mhíníonn conas agus cathain a bhailímid sonraí pearsanta, cén fáth a ndéanaimid amhlaidh agus an chaoi a gcaithimid leis an bhfaisnéis sin. Míníonn sé freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a fheidhmiú.